The Donegal News Click here to order your photo online today! Click here to order your photo online today!
|
|
|
|
|
|



 - Thu, Aug 30, 2007
   Archive Search
   Newspaper
   Classifieds

   Services

News Headlines

Total Stories: 30          Published: Fri, Aug 24, 2007



Tithíocht - Sean agus Nua


LE DAN FRANK

Is iomaí uair, agus mé ag taisteal thart ar an chontae seo le blianta anuas, a thug mé fá deara go bhfuil cuid mhór tithe ag dul suas.

Ní inné ná inniu a thosaigh sé, áfach, is cuma caidé a deir daoine ar an teilifís agus ar an raidió.

Is cuimhin liom sna 80í, bhí go leor daoine ag tabhairt amach faoi leabhair a bhí ar díol achan áit. "Bungalow Bliss" a bhí ar na leabhair seo agus thug siad an plean duit ar go leor dearadh (design) tí.

Bhí na daoine ag gearán go mbeadh gach teach cosúil lena chéile. Tá barúil agam gur ailtirí is mó a bhí ag gearán. Rinne siad neamh-aird ar rud amháin iontach tábhachtach.

Ag an am sin, bhí sé i bhfad níos deacaire morgáiste a fháil le teach a thógáil agus ní raibh an t-airgead ag daoine an t-am sin atá acu anois. Mar sin de, bhí rachairt mhór ar na leabhair agus tógadh cuid mhór tithe leis an dearadh céanna ar fud na tíre.

Ach anois, ag amharc siar ar na tithe sin, agus tá siad ann go fóill, níl cuma ró-olc orthu.

D'éirigh muid cleachtaithe leo. Fiú na "chalets" a raibh achan duine ag gearán faoi, níl siad chomh h-olc ag breathnú anois, an bhfuil? Agus tá siad le feiceáil go fóill achan áit.

Rinne siad gnoithe maithe do dhaoine, cé go raibh siad in ainm bheith do thurasóirí amháin.

Sin an rud atá ann. Tá daoine ina gcónaí in achan chineál tí.

Tá an pálás mór ann agus tá an teach beag a thógann an Chomhairle Contae do dhuine amháin ann, agus gach cineál idir eatarthu.

Ar ndóigh, tá difear mór idir an cineál sin agus cuid de na tithe atá ag dul suas anois, agus ní ag caint ar dhearadh atá mé. Ná ar mhéid an tí ach oiread.

In amanna, bím ag gearán faoi thithe móra a fheiceáil i lár na tuaithe, iad le feiceáil as cúpla míle ar shiúl, ag gobadh amach as an dúlra mar a bheadh pálás ann. Sílim go léiríonn cuid acu easpa muiníne na ndaoine ar leo iad.

B'fhéidir go bhfuil siad ag taispeáint dúinn caidé chomh saibhir leo. Sin mar a bhí rudaí riamh.

Má smaoiníonn tú air, bhí corrdhuine ag cur póirse lena theach agus duine eile ag cur fuinneoga deasa móra isteach nuair a bhí cuid na gcomharsan beag. Is dócha gur sin nádúr na ndaoine.

Ní hé go bhfuil mé in éadan tithe móra. Ach b'fhearr liom dá gcuirfeadh daoine crainn thart ar a gcuid tithe. Tá cuma slachtmhar ar theach breá amuigh faoin tuath agus cluain bheag crann thart air.

Bheir na crainn foscadh don teach agus tá siad maith don timpeallacht, ag cothú ainmhithe agus ag slogadh na h-astaithe carbóin a chruthaíonn muidne.

Cuid de na tithe is deise a chonaic mé thar na blianta, ba sheantithe iad a cóiríodh agus a deisíodh ag teaghlaigh a bhfuil meas acu ar thithe mar sin. Tá cuimhne agam ar theach i gContae Aontroma, idir Baile Meánach agus Bun na hAbhann sna Glinnte.

Fuair muid cuireadh chuig léiriú scileanna tuaithe sa teach seo. Bhí sé cúig bliana déag ó shin agus bhí lá iontach agam. Bhí an far ar leis an teach ag taispeáint don scaifte beag daoine an dóigh le ballaí cloiche a dhéanamh, an dóigh a bhain siad móin sa cheantar sin agus go leor rudaí dúchasacha eile. Sílim go raibh rún aige cúrsaí a thabhairt.

Má bhí, tá súil agam gur éirigh leis. Bhí a bhean ansin, ag déanamh aráin agus ag amharc i ndiaidh na n-ainmhithe a bhí acu ar an fheirm bheag thart ar an teach.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa, áfach, ná an teach féin.

Seanteach Preisbitéireach a bhí ann.

Tá a fhios agat an cineál tí a bhfuil mé ag caint air. Teach mór cearnógach, an doras i lár an bhalla tosaigh agus fuinneog mhór ard ar gach taobh de. Thuas staighre, bíonn beirt nó triúr de fhuinneoga móra den déanamh céanna leis na cinn thíos. Bhí an teach sin mar a bheadh pálás ann ag na daoine seo.

Caithfidh sé gur chaith siad blianta ag cur deis air agus bhí sé déanta suas go h-álainn acu. Mar a deirim, bhí seo cúig bhliain déag ó shin ach bhí muileann gaoithe acu in aice leis an teach agus fuair siad an chuid is mó den fhuinneamh amach as an mhuileann sin. Bhí sruthán beag ar an talamh cóngarach don teach fosta agus bhain siad úsáid as an uisce sa tsruthán do na leithris sa teach.

Chomh maith leis sin, bhí rud acu faoin teach gloinní a thóg siad ar bhinn an tí a raibh a aghaidh ó dheas a bhain úsáid as carraigeacha móra le teas na gréine a cheapadh agus a stóráil.

Ní thuigim go fóill caidé go díreach a bhí ann ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

An fáth go dtáinig seo uilig isteach i m'aigne ná go raibh mé ag léamh paimfléid a phioc mé suas i siopa ar na mallaibh.

"Home & Dry" an t-ainm atá ar an tionscnamh seo a tá curtha le chéile ag an Ulster Architectural Heritage Society i mBéal Feirste agus é mar aidhm aige deis a thabhairt do dhaoine i gContae Dhún na nGall a bhfuil seanteach acu na scileanna agus an t-eolas a heas de dhith orthu le bail a chur ar fhoirgneamh traidisiúnta.

Tá sé ar siúl inniu (Dé hAoine 24 Lúnasa) sa chlubtheach gailf i Machaire gCeathlann i nGaoth Dobhair. Beidh saineolaithe ag cur síos ar ghnéanna éagsúla de na scileanna tábhachtacha agus deontais 7rl.

Ag am lóin beidh siad ag dul amach go Gabhla a amharc ar chuid de na tithe a caomhnaíodh ansin. Ní bheih mé féin ann ach is maith liom go bhfuil daoine ag cur suime sa chineál sin.

Má chuireann tú bail ar sheanteach, is dócha go mbeidh tú i do chónaí ann.

Ní teach saoire a bheas ann, agus tá i bhfad barraíocht acu sin sa chontae seo!


More News Headlines
  
Story Pointer St Eunan's GAA club apologises to disabled driver   
Story Pointer O'Domhnailll highlights benefits of new REPS...   
Story Pointer 'Time to look after Donegal's B&B sector'   
Story Pointer Clarke calls on Blake to withdraw 'moral coward'...   
Story Pointer Power failure hits 15,000 homes   
Story Pointer Increase in number on Donegal's live register   
Story Pointer A dark tale of crucifixtion in Ramelton church   
Story Pointer 'Pooper scoopers' for beaches as Council to...   
Story Pointer Increasing enthusiasm for Latin Mass inDonegal   
Story Pointer Workhouse graveyard restored in Milford   
Story Pointer Thousands of Donegal homes poorly insulated   
Story Pointer Former Republican prisoners get history lesson   
Story Pointer Charity football for Twin Towns cause   
Story Pointer New figures reveal effeciency of Donegal County...   
Story Pointer Report on Cratlagh Wood theft allegations ready...   
Story Pointer Bishop Seamus Hegarty announces clerical changes...   
Story Pointer Father and son charged after drugs haul in...   
Story Pointer Planning permission for major developments   
Story Pointer Prime Time turns eye on Letterkenny   
Story Pointer Man released after shooting incident inSt...   
Story Pointer Tesco to try again for TwinTowns store   
Story Pointer Results of DunfanaghyAugust Fair Festival   
Story Pointer Tithíocht - Sean agus Nua   
Story Pointer Gortahork teacher survives Peurvian earthquake   
Story Pointer Solving the 175-year mystery of Duffy's Cut   
Story Pointer 'Flight' celebrations ready for take-off   
Story Pointer Letterkenny to get marked historical routes   
Story Pointer New organisation planned to help those bereaved by...   
Story Pointer LYIT numbers expected to rise by hundred   
Story Pointer Increase in number on Donegal's live register

Related Links

Image Pointer Print Friendly
Image Pointer E-mail a friend
Image Pointer Discussions
Image Pointer View Polls



  


Check out our digital Editions below
(Monday Edition)
(Friday Main Edition)
(Friday Sport & DN Edition)

(View the Digital Edition online, AVAILABLE FREE for a limited period)

 


Designed by nwipp-designs.com       © North West of Ireland Printing & Publishing Co. Ltd 2006