Dia dhaoibh agus tá fáilte romhaibh chuig an chéad cheacht eile. This week Aodán and Cara bump into each other in Donegal and chat about their Bank Holiday weekend. Pronunciation guides in italic with syllabic emphasis in UPPERCASE and an English translation is then provided. Ar aghaidh linn! (Off we go!)
Aodán: Dia dhuit a Chara, cad é mar atá tú?
(G-a GITCH a Hara, cad J MARRA TAW TOO?)
(Hello Cara, how are you?)
Cara: Dia is muire dhuit a Aodáin. Tá mé go hiontach, go raibh maith agat, agus tú féin?
(G-a ISS MIRRA GITCH a Aid-doine. TAW MAY guh HAIN-ta, guh roe MOY ogat, ogus TOO HAIN?)
(Hello Aodán. I'm great, thank-you, and yourself?)
Aodán: Ó go maith fosta. An bhfuil tú anseo don deireadh seachtaine?
(AW guh MOY fossta. An will too an-SHAW done JAIR-roo SHOCKED-tinya?)
(Oh good aswell. Are you here for the weekend?)
Cara: Tá. Tháinig cúigear againn anseo aréir agus beidh muid ag dul ar ais abhaile dé Luain.
(Taw. HAW-nig COOIG-gar ogeen an-SHAW a-RARE agus BAY midge egg dull air ASH a-WOILYA J Loo-an.)
(Yes. Five of us came here last night and we'll be going home again on Monday.)
Aodán: Áidh, sin sos deas. Tháinig ceathrar againn anseo cúpla oíche ó shin agus beidh muid ag dul chun abhaile arís amárach i ndiaidh an chluiche.
(Aye, shin suss JASS. HAW-nig CA-rar ogeen an-SHAW cuppla E-ha aw hin agus BAY midge egg dull hun a-WOILYA areesh AMARRA e NEAGH an hlee-ha.)
(Aye, that's a nice break. Four of us came here a couple of nights ago and we'll be going home again tomorrow after the game.)
Cara: Ach má fhaigheann Dún na nGall lámh in uachtair ar Ard Mhacha is dócha go mbeidh sibh ag stopadh oíche eile don chraic!
(Ah maw EYE-an Doon na Nall lav in OO-ach-ter air Ard Wa-ha iss daw-ha guh may shiv egg STUPPOO E-ha ella done hrack!)
(But if Donegal get the upper hand on Armagh it's likely you'll be stopping another night for the craic!)
Aodán: Bhuel is féidir go bhfuil an ceart agatsa faoi sin ceart go leor! Cá bhfuil tú ag stopadh?
(Well iss fay-jer guh will an CART agatsa FWEE shin CART guh LORE! Caw will too egg STUPPOO?)
(Well it's possible that you're right about that alright! Where are you stopping?)
Cara: Tá mé ag stopadh i Leaba agus Bricfeasta ar an tsráid mhór. Cad é fútsa?
(TAW may egg STUPPOO eh Labba agus VRICK-fasta air an TRADGE wore. Cad J FOOT-sa?)
(I am staying in a B&B on the main street. What about yourself?)
Aodán: Tá muid ag stopadh i gcarbhán cois farraige. Níl mórán spáis againn ach tá an craic agus an cuideachta go maith! Cá ndeachaigh sibh aréir?
(TAW midge egg STUPPOO eh GAR-wan kish FARR-igga. Kneel moron spash ogeen ah TAW an crack agus an cud-JOCK-ta guh MOY! Caw nYA-hee shiv a-RARE?)
(We are stopping in a caravan beside the sea. We haven't much space but the craic and the company is good! Where did you go last night?)
Cara: Chuaigh muid chuig seisiún ceoil i dTeach tábhairne amháin agus ansin chuig dioscó ina dhiaidh. Bhí oíche mhaith againn. An raibh sibh áit ar bith?
(WHO-ee midge hig shesh-shoon keYOIL eh JA tavern-ya awoyne agus an-SHIN hig disco ina YEAH. V E-ha WOY ogeen. An roe shiv ATCH air bee?)
(We went to a music session in one pub and then to a disco afterwards. We had a good night. Were you anywhere?)
Aodán: Bhí muid ag an seisiún ceoil fosta ach ní fhaca mé thú ann. Bhí an áit plódaithe le daoine. Ina dhiadh sin, chuaigh muid chuig cóisir.
(V midge egg an shesh-shoon keYoil fossta ah knee OCKA may who an. V an atch PLAW-deeha le deenie. Ina YEAH shin, WHO-ee midge hig caw-shir.)
(We went to the music session too but I didn't see you there. The place was crowded with people. After that, we went to a party.)
Cara: Bhuel ba chóir dom imeacht a Aodáin. Bain sult as an deireadh seachtaine.
(Well ba hore dumb im-MOCKED a Aid-doine. Bwin sult as an JAIR-roo SHOCKED-tinya.)
(Well, I should go Aodán. Enjoy the weekend.)
Aodán: Bainfidh agus gurb amhlaidh duit a Chara. Slán leat.
(Bwin-fee agus gurrab OWL-lee DITCH a Hara. Slawn latt.)
(I will and the same to you Cara. Bye.)
Cara: Slán agat.
(Slawn agat)
(Cheerio.)
Composed by Searán Mhic Eoin.
Irish Language Tutor,
Fermanagh College.