The Latest Horror for Omagh
le hAnton Mac Cába
Tá sé anois níos mó ná seachtain ó tharla an t-úafás (horror) ba dhéanaí (latest) ar an Ómaigh.
B'ar an bhaile a tharla an dá oll-dúnmharú (mass murder) ba mhó ar an oileán seo le 10 bliain anuas.
Tógann sin ceist.
Cé mhéid tragóide go dtig le pobal (community) ar bith a fhulaingt (suffer)?
Is ceist casta (complicated) sin.
Leis, is ceist nach dtig linn a fhreagairt (answer) ach sa fad-téarma.
Ní bheidh fios againn impleachtaí na tragóide is déanaí go cionn bliana ar a laghad.
Ar thaobh amháin, tá pobal láidir ann, a tháinig tríd úafás cheana.
Tá táithí ar idir an t-earnáil (sector) reachtúil (statutory) agus an t-earnáil deonach (voluntary) agus pobail ar bheith ag deileáil lena leithéidí.
Tá saineolas (expertise) nach bhfuil in áiteanna eile.
Tá áiseanna (facilities) ann.
Ach is buille é.
Tharla sé agus an baile ag teacht as úafás 1998.
Tá glúin nua i ndiaidh fás aníos ó shoin, rud a thugann ath-nuachan (renewal) don bhaile.
B'fhéidir gurb é an rud is dóchasaí ná go bhfuil daoine ar an Ómaigh a thuigeann nach mbeidh sé éasca ag an bhaile teacht chuige féin (recover) ón úafás is déanaí.
Is rud é go gcaithfear oibriú air.
B'shin a rinne go leoir daoine le naoi mbliain anuas.
Rinne daoine gearán faoi na meáin (media).
B'éigean (it was necessary) tuaraiscóireacht (reporting) a dhéanamh ar an úafás.
Agus tuairisceoireacht dá dhéanamh, caithfear an fhírínne a insint.
Níl mé ag rá gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ar iriseoirí (journalists) olc a chur ar dhaoine.
Bhí stair (history) ag Arthur McElhill.
Bhí baint aige sin leis an rud a tharla.
Níor cheart d'iriseoirí bréaga loma a insint, a d'fhágfadh go mbeadh an pobal dall ar an rud a tharla.
Bheadh eagla ar an phobal go raibh an duine a chuir an teach trí thine, agus a mharaigh an seachtar, ag rith thart ar an phobal ar fad.
Ar cheart go scríobhfaí scéal bréagach, agus fios ag daoine gur bréagach a bhí, ar eagla go gcuirfeadh an fhírínne as do dhuine éigean?
Go háirithe go bhfágfadh sin eagla ar an phobal i gcoitinne?
Mar, i gcás coire (crime), tá ceist tábhachtach ann.
Cé rinne é?
Leis, tá ceisteanna eile ann.
Bhí cónaí ar McElhill lámh le bunscoil (primary school).
Leis an stair a bhí aige, an raibh sin ceart?
Is ceist tábhachtach sin ach go háirithe (specially) acu siúd go bhfuil páistí acu.
Chuir fostóirí (employers) iriseoirí faoi bhrú.
Bhí cinéal de shráidbhaile (village) ar Bhóthar Brookmount ag na meáin.
In am amháin, bhí suas le 70 ann.
Mar is dual (typical) do shráidbhaile ar bith, bhí ráflaí (rumours) ag dul thart an t-am ar fad.
Na tréimhsí (spells) nach raibh rud ar bith ag tarlú, b'shin na tréimhsí ba flúirsí (widespread) na ráflaí.
Tháinig iriseoir amháin chugam mar gur dúradh leis nár iriseoir mé ach comharsan (neighbour).
Cuireadh brú ar iriseoirí spás a líonadh (fill), go fiú agus gan nuacht ann.
Chuir deasc nuachta amháin scairt (call) ormsa.
D'iarr siad orm an dtiocfadh liom píosa a dhéanamh, agus dúirt mé go ndéanfainn agus fáilte.
Ansin, iarradh orm an scéal bheith acu taobh istigh de 10 bomaite.
Ní féidir píosa leath-beacht (half accurate) go bhfuil taighde (research) ar bith déanta faoi a scríobh taobh istigh de 10 bomaite.
Ní haon iontas gur scríobhadh cuid de na scéalta.
Chuir cuid de na deascanna nuachta na ginearáil sa Chéad Cogadh Mór (First World War) i gcuimhne dom.
Chreid siad, dá gcaithfeá (throw) an mhéid iriseoir agus ab fhéidir leis an Ómaigh, gan plean ar bith, go gcaithfeadh (must) siad nuacht éigean a fháil.
Ar ndóigh, le barraíocht (too many) iriseoir thart ar an áit, chuir sé cinéal de scanradh (fright) ar dhaoine, agus ní raibh siad sásta labhairt.
Ach is scéal leanúnach (continuing) seo.